Select Page

To read this article in English, click: What is Placemaking?

Ní choincheap nua é comhfhorbairt áite, tá an téarma seo in úsáid leis na blianta fada chun cur síos a dhéanamh ar an gchur chuige níos iomláine i leith forbairt. Ón tús bhí  comhfhorbair áite ag diriú go hiomlán ar spasanna poiblí amháin agus d’ofráil sé meicníocht dóibh chun an pobal a bheith páirteach sa dearadh ón tús agus iad a choineáil gníomhach go dtí go bhfuair siad iad féin ina gcoimeádaitheí ar an spás. Sa lá inniú tá an choincheap seo leathánaigh agus tá áitríocht anois  ina phríomhfheidhm  i gach uile stáit nó foirgneamh príobhaideach agus tógáil thithíochta.

Sa am atá caite bhí ceantair  pobail ar nós pláis, páirceanna, aghaidheanna uisce scartha agus éagsúil ó forbairt áiteanna cónaithe, ar aon chaoi tháing forbairt ar bhruachbhailte  agus limistéar  uirbeachnár úsáideadh nó nár úsáideadh roimhe seo, ag comhlíonadh fheidhm ‘limistéar poiblí’. Fágtha gan seiceáil, is féidir leis na limistéir seo a bheith ina spriocanna d’iompar frithshóisialta, ach leis an bpleanáil agus na hacmhainní ceart, is féidir iad seo a dhéanamh ina spásanna sábháilte, cuireadh agus feidhmiúla do shaoránaigh. Ar  sin a shimplí, is féidir le spás taitneamhach nó suimiúil a bheith ina luach saothair féin. Ach téann na buntáistí a bhaineann le comhfhorbairt áite thar phléisiúr simplí; trí dhisciplíní éagsúla pleanálaithe, dearthóirí, innealtóirí agus ailtirí a thabhairt in éineacht le pobail áitiúla agus úsáideoirí deiridh forbairtí tionachta measctha, is éard a fhaigheann tú ná straitéis comharsanachta atá comhlíontach le rialála, faoi úinéireacht saoránach a oibríonn.

Jan Gehl, ailtire Danmhargach, comhairleoir dearaidh uirbigh agus ceannaire domhanda i ndearadh uirbeach dírithe ar dhaoine simpliú a dhéanamh ar an áit:

“An chéad saol, ansin spásanna, ansin foirgnimh – ní oibríonn an bealach eile timpeall riamh… Déan go deas é san áit a bhfuil tú, agus cuir an dlús ar a bharr.”

Is iad seo a leanas na phrionsabail bunúsach comhfhorbairt áite inbhuanaithe:

Daoine ar dtús 

Ag sracfhéachaint, b’fhéidir go mbeadh cathair sainmhínithe go maith ag a foirgnimh nó sráideanna nó príomhthionscal ach is é an croí buailte na a mhuintir. Má léirigh cathair riamh an pointe seo, is í cathair Tianducheng (ar a dtugtar ‘Páras Beag’ go minic) sa tSín. Bhí an t-ionad uirbeach beartaithe agus deartha mar mhacasamhail beagnach cosúil le  Pháras sa Fhrainc, Túr Eiffel de chineál san áireamh. An é seo a theastaigh ó dhaoine? Is léir nach é, mar nach bhfuil ach 2,000 ina gcónaí ann, cé go bhfuil sé do chumas aici 100,000 a bheith ina gconaí ann. Nuair a thagann sé go  comhfhorbairt áite rathúil, tá sé ríthábhachtach éisteacht leis na daoine a úsáideann an láthair nó a bheidh ag úsáid an spáis is mó. Sa chomhthéacs seo, deirtear go minic gur ‘fearr an fhios atá ag an bpobal’. Agus ar ndóigh, tá ciall leis sin. Tá léargas acu ar chleachtais áitiúla agus ar nósanna comharsanachta (maith agus olc). Níos tábhachtaí fós, tá feasacht i bhfad níos doimhne acu ar riachtanais agus ar na dhúshláin áitiúla atá sa bpobal ar bhealach a chabhraíonn le tús áite a thabhairt d’acmhainní.

“Teastaíonn dea-áitíocht saineolaithe ildisciplíneacha freagraí a chur ar fáil, ach tugann áitíocht maith guth don phobal chun na ceisteanna cearta a chur ar bun.”

Ansin, Áiteanna

Nuair a bheidh páirtithe leasmhara pobail aitheanta agus tugtha isteach sa lúb áitíochta, caithfidh an fócas aistriú go dtí an áit nó an ceantar atá i gceist.

Baineann pleanáil agus dearadh uirbeach leis an oiread sin níos mó ná limistéar glas faoiseamh ó thrácht nó ó pháirceáil éifeachtach nach cuireann srian ar dheiseanna miondíola.  

Baineann sé freisin le níos mó ná suíocháin randamacha lasmuigh nó ealaíne  a chóipeáiltear ó cheantair rathúla eile atá múnlaithe. Tá gach áit uathúil agus, mar sin, bíonn slíeanna uathúil dúshlán agus deiseanna ann. Réitigh na tograí an bhunús le straitéis comhfhorbairt áite ar féidir leis na páirtithe leasmhara go léir cur léi. Cé go bhféadfadh sé a bheith róshimplí, is minic gur féidir teacht ar an eochair chun na réitigh chomhaimseartha seo go léir a dhíghlasáil laistigh den spás féin. Is éard atá i gceist leis ná an próiseas mianadóireachta a dhéanamh ar gach acmhainn nádúrtha atá ar fáil cosúil le háit, spiorad an  phobail, fiontraíocht áitiúil agus buanna chruthaitheach, agus ansin é a scagadh isteach i rud luachmhar – fís chomhroinnte

Fís Chomhroinnte

Ós rud é go dteastaíonn ceannach isteach agus rannpháirtíocht ó údaráis áitiúla, ó pholaiteoirí, ó gnólachtaí áitiúla, ó fhorbróirí príobháideacha agus ó bhaill den phobal áitiúil, tá fís chomhroinnte ríthábhachtach. Cé go bhfuaimníonn coincheap na físe comhroinnte simplí, ní bhíonn an próiseas chun an comhaontú comhchoiteann  éasca riamh le baint amach  – ach is fiú go mór é. Is féidir le formhór na dtíortha ‘tionscadail  baois (vanity’) mar a thugtar orthu a chur in iúl maidir le dearadh agus forbairt. Cé go n-athraíonn na spreagthaí taobh thiar de na tionscadail seo, is é an téama  is coiteanta  ná easpa comhairliúcháin phoiblí agus rannpháirtíocht gníomhaíocht an phobail. Ní gá go neamhaird  an easpa comhairliúcháin phoiblí seo, is minic a bhíonn dea-rún ag an tacadóir ach feidhmíonn sé faoi thuairmí bréagacha. Mar shampla, an fhorbairt Chónaitheach Francisco Hernando i Seseña,  duine uasal a bhí sa forbróir réadmhaoine  sa Spáinn chun tithíocht inacmhainne a chur ar fáil do dhaoine ar bhreathnaigh sé orthu mar dhaoine a ndearna an Stát dearmad orthu nó a thréig sé. Agus é sa tóir aon-intinne air seo, rinneadh dearmad iomlán ar ghnéithe bunúsacha den fhorbairt agus ní raibh an spás oiriúnach le haghaidh gairme i dtús báire.

 “Barúil namhaid na háitríoch. Caithfidh tú na ceisteanna cearta a chur ar na daoine cearta.”

 Meas a bheith ar an Timthriall

Cé go mb’fhéidir go bhfuil sé frithiomasach, ní shroicheann comhfhorbairt áite  rathúla conclúid riamh. Is obair leanúnach idir lámha é ‘áit’ agus is rud maith é seo. De réir mar a thagann athrú an tsochaí agus de réir mar a thagann athrú ar daoine, athraíonn a gcuid riachtanais agus caithfidh an spás timpeall orthu forbairt chun sin a léiriú. Caithfidh áiteanna agus rudaí úsáideacha (agus, d’fhéadfaí a rá, daoine) dul in oiriúint chun dul i léig a sheachaint. Ina dhiaidh sin, caithfear glacadh le leibhéal éigin dífheidhmeacht  agus ansin tosaíonn an timthriall ar fad arís.

 

Is é PLACEengage do halla baile digiteach, a ligean duit taithí iomlán a fháil ar fhorbairtí  nua atá beartaithe agus tuairimí a roinnt ó do ghuthán cliste 24/7. Déan teagmháil linn ag www.PLACEengage.com le haghaidh tuilleadh eolais.

PLACEengage