Select Page

Read this article in English: Creating Social Value Through Placemaking

 

I saol na forbartha uirbeach agus eastáit réadaigh, tá  an ESG comhchiallach le hinbhuanaitheacht, nach bhfuil ann ach cuid den chothromóid luach iomlán. Trí bhreithniú go  cúramach a dhéanamh ar fachtóirí comhshaoil, sóisialta, agus rialtais, is féidir le hinfheisteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a dtéann á dtionscadail i bhfeidhm ar ghnéithe éagsúla den tsochaí, agus le formhór de na bpobal ar fud na tíre ag fulaingt faoi dianghlasáil le 16 mhí anuas, tá béim mhór anois ar thionchar sóisialta thimpeallacht áitiúil duine. Dá bhrí sin, tá tionchar sóisialta spás uirbigh níos tábhachtaí anois ná riamh.

Bealach amháin le dul i ngleic leis an ngá atá le timpeallachtaí a bheith fabhrach  le fholláine ná díriú ar Comhfhorbairt Áite.

 

.Cad é Comhfhorbairt Áite?

An cur chuige atá le comhfhorbairt áite maidir le pleanáil, dearadh agus rialachais spásanna poiblí a chuireann folláine daoine ar dtús trí spásanna poiblí a dhéanamh mar chroí lár an phobail.

I ndháiríre sé an aidhm leis ná spásanna seo a dhéanamh chun go  shásaíonn an ghné ‘Shóisialta’ den ESG. Is áiteanna iad seo ar mhaith le daoine a bheith ag obair, ag maireachtáil agus ag súgradh iontu, ag díriú ar cuimsitheacht, éagsúlacht, sláinte,agus sonas. Is iad seo a leanas na saintréithe bunúsacha a bhaineann le comhfhorbairt áite:

 

  • Feidhm roimh  an bhfoirm
  • Comhoibriú leis an bpobal áitiúil
  • Caidreamhacht
  • Athrú a dhéanamh ar an spás poiblí
  • Úsáid bríomhar agus spásanna a chur i oiriúint 
  • Fís  a chruthú d’áiteanna

 

Trí labhairt le húsáideoirí  atá ann cheanna nó a d’fhéadfadh a bheith ann,  thuigeann forbróirí riachtanais agus féidearthacht spáis uirbigh níos fearr.. Tríd breathnú go  cúramach  ar riachtanais agus ar na spriocanna áitiúla, is féidir plean comhfhorbáirt áite a chur i bhfeidhm ansin .

Teastaíonn  fís a fhorbairt don spás a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaoine a úsáideann é agus a tabhairfeadh seo tuilleadh buntáistí. Is fearr an fhios atá ag an bpobal ar  comhfhorbairt áite, agus ba chóir a ghuth a léiriú. Mar sin, is éard atá i gceist le comhfhorbairt áite, ná pleanáil agus forbairt phraiticiúil spásanna atá in úsáid faoi láthair, agus nach bhfuil in úsáid, nó nach bhfuil ag cothú mothú pobail agus folláine…

 

Luach Sóisialta Trí Comhfhorbairt Áite 

Cé go gcuireann comhfhorbairt áite  feabhas  agus forbairt fhisiciúil ar fhoirgneamh, cosáin, páirceanna, agus limistéir phoiblí, tá níos mó i gceist ná ailtireacht, dearadh agus tógáil amháin. Déanann comhfhorbairt áite cinnte go dtiocfaidh feabhas  sóisialta spáis  trí naisc a fhorbairt idir é agus na daoine a úsáideann é, ag baint úsáid as spáis uirbeach go héifeachtach laistigh den chomhthéacs.

Cé go bhfuil  an coincheap deacair le bheith in ann a rá go baileach, is féidir luach sóisialta a thuiscint mar cibé tairbhe a bhaineann leis na daoine a úsáideann an spás poiblí. Dar le Savills, “cruthaítear [luach sóisialta] nuair a thacaíonn an timpeallacht thógtha le folláine chomhshaoil, eacnamaíoch, agus shóisialta chun saol beatha a fheabhsú“. Ciallaíonn sé seo go ndíreofar ar spásanna do choisithe atá beartaithe go sonrach leis an gceantar sin agus  leas an phobail san áireamh

Tá sé deacair méadrach a fhorbairt chun luach sóisialta a thomhas agus sa deireadh braitheann sé ar an dian bhreathnóireachtaí fadtéarmacha agus ar rannpháirtíocht le spásanna. Mar sin, tá sé ríthábhachtach  go mbeidh chumarsáid go luatha leis an  bpobil áitiúla roimh phleanáil agus tuiscint chríochnúil ar conas is fearr spás a úsáid.

Seachnaíonn sé seo an cheap tuisle a bhaineann le spásanna agus áiseanna míchuí ar nós páirc  nó tionscadal tithíochta ar phraghas míchuí don cheantar. Tá sé ríthábhachtach dearadh  a dhéanamh leis an bpobal don phobal. .

 

Níl i gceist le comhfhorbairt áite ach forbairt spásanna iontacha a bhfuil ról lárnach acu i gceantar.

 

Gnéithe Comhfhobairt Áite

Is éard atá i gceist le luach sóisialta a chruthú trí comhfhorbairt áite ná 4 ghné seo a chur i bhfeidhm:

  • Úsáid 
  • Stíl mhaireachtála
  •  Bealach isteach/ Rochtain
  • Pobail

 

1 Úsáid

Fiafraíonn sé seo cén úsáid a bhaintéar as áit. Is cuma más asraoin miondíola , títhe ar cíos, nó struchtúir shóisialta atá i gceist, le comhfhorbairt áite, dírítear i gcónaí ar an gcaoi a dtéann sé chun tairbhe don méid is mó daoine.  Fiú i dtionscadail ar nós tithíocht ilteaghlach, go bunúsach áit a bhféadfadh cónaitheoirí réadmhaoine a bheith in ann an  spás a úsáid, tá smaoineamh déanta ar an gcaoi is fearr chun an spás comhtháite sa cheantar mórthimpeall agus freastal ar an méid is mó daoine. Má dhéantar sin, beidh daoine de gach aois agus inscne in ann úsáid a  bhaint  as,  daoine pósta, singil, ar scor, agus gairmithe ar fad ag baint taitneamh as an gceantar, ní gá do ag an am céanna.  Má úsáidtear comhfhorbairt áite le haghaidh tithíochta, ardaíonn an ghné úsáide ceist na luachanna airnéis, nó leibhéil cíosa freisin, tá iarraidh orthu siúd atá ag pleanáil áiteanna iontacha chun cur chuige inbhuanaithe a mheas.

 

 2 Stíl Mhaireachtála agus Íomhá

 

Tá an dearcadh ar an spás tábhachtach freisin, cuireann  háiteanna slachtmhar agus mealltacha  feabhas ar  mothú folláine do  úsáideoirí. Tá  thionchar sóisialta tairbheach ag baint leis an spás a dhéanamh compordach, insiúlta, glas, sláintíochta, sábháilte, agus slachtmhar. Is féidir é seo a bhaint amach trí rudaí ar nós úsáid binsí, dromchlaí leibhéil, plandaí, agus crainn, chomh maith le ‘bláthanna’ a chur,  chun  an áit a  dhéanann  speisialta.  Mar shampla, gnéithe stairiúla a chur i bhfeidhm  de cheantar. Is féidir  seo a fheiceáil í seanfhoirgnimh dugaí i dtionscadail in aice na  farraige, agus iad  athraithe isteach ina siopaí nó ina dtithe. Cuireann na háiteanna seo  le mothú an cheantair áitiúil  seachas cur isteach ar an gceantar. 

 

 3 Bealach isteach/ rochain 

Ba chóir bealach isteach/ rochtain áite a mheas freisin. Go hidéalach, ba cheart go mbeadh spásanna le feiceáil agus oscailte, ag cothú mothú comhtháthaithe le naisc iompair in aice láimhe. I gcás spásanna poiblí, ba cheart go mbeadh cosáin ó mór thimpeall  an ceantair ag teacht isteach ina cheile, le páirceáil in aice láimhe más féidir. Tá sé tábhachtach freisin smaoineamh ar an spás a fhreastalaíonn orthu siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu; ba chóir ráillí, rampaí, agus áit le haghaidh ciúnas a chur san áireamh.

 

 

4 .Pobail

Is féidir le comhfhorbairt áite  luach sóisialta a chothú trí mhothú pobail níos fearr a fhorbairt in úsáid  spásanna roinnte. Spásanna a bhíonn sé éasca caidreamh a dhéanamh le daoine eile, bualadh le cairde agus le teaghlach, agus deiseanna a thabhairt dóibh chun caidrimh a chothú de gnáth a bheith níos inbhuanaithe ó thaobh úsáide de.Is  spás  uirbeach iontach é áit éigin a mbeidh aithne ag daoine air  agus iad a bheith ar á gcompord ann.  Is áit éigin é a mhothóidh daoine ceangal pearsanta leis, agus cothaíonn sé seo ceangail níos láidre leis an bpobal áitiúil, agus  bíonn tionchar ollmhór sóisialta aige 

 Go criticiúil, ní rud é an comhfhorbairt áite a tharlaíonn ach; teastaíonn machnamh cúrmach uaidh ar conas is fearr is féidir le spás freastal ar dhaoine áitiúla agus ar a bhfolláine. Trína chinntiú go ndéantar an ghné shóisialta de ESG a mheas, is féidir le haonáin phoiblí agus phríobháideacha comhoibriú chun luach na háite a dhíghlasáil chun dul chun tairbhe le cónaitheoirí atá ann cheana agus atá ag teacht isteach, agus do gnóanna áitiúil. 

 

 

 

 Is uirlis comhairliúcháin phoiblí dhinimiciúil í www.PLACEengage.com le haghaidh rannpháirtíocht lán-tumtha, comhfhorbairt áite digití agus rannpháirtíochta páirtithe leasmhara fiúntacha. Tá foireann PLACEengage.com ina mbaill bhunaithe d’Institiúid Comhairliúcháin Phoiblí na hÉireann  agus faoi láthair tá siad ag cur le comhlacht oibre idirnáisiúnta, ildisciplíneach atá dírithe ar dhea-chleachtas a bhunú i gcomhairliúchán poiblí comhtháite ar agus as líne do na hearnálacha príobháideacha agus poiblí san Eoraip araon.

PLACEengage